18 “Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud,
19 agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
20 Le campáil taobh leis: treibh Mhanaise. Mar cheann ar chlann Mhanaise: Gamailíéil mac Phadázúr,
21 agus tríocha dó míle dhá chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
22 Treibh Bhiniáimin. Mar cheann ar chlann Bhiniáimin: Aibíodan mac Ghideoiní,
23 agus tríocha cúig mhíle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
24 Is é líon tionóil iomlán Eafráim, ar a ríomh, céad agus a hocht míle agus céad. Siad atá le bheith sa tríú háit ag scor campa.