2 “Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach.
3 Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb,
4 agus seachtó ceathair míle sé chéad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
5 Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár,
6 agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
7 Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon,
8 agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas.