27 Lé campáil taobh leis: treibh Áiséar. Mar cheann ar threibh Áiséar: Paigiéil mac Ocrán,
28 agus daichead a haon mhíle fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
29 Ansin treibh Naftáilí: mar cheann ar chlann Naftáilí: Aichíora mac Aenán,
30 agus caoga trí mhíle ceithre chéad fear faoina cheannas.
31 Is é líon tionóil iomlán champa Dhán, ar a ríomh, céad caoga seacht míle sé chéad. Siad a bheidh ar deireadh ag scor campa, brat ar bhrat.”
32 Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear.
33 Ach níor áiríodh na Léivítigh i measc chlann Iosrael de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.