5 Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár,
6 agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
7 Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon,
8 agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas.
9 Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa.
10 “Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr,
11 agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.