8 agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas.
9 Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa.
10 “Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr,
11 agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
12 Le campáil taobh leis: treibh Shímeon. Mar cheann ar chlann Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiriseadái,
13 agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
14 Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael,