1 An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í.
2 Ní raibh uisce ann don chomhthionól, agus chuireadar go léir le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón.
3 Thug an pobal a ndúshlán faoi Mhaois: “Uch gan sinn a fháil bháis,” ar siad, “mar a fuair ár mbráithre bás i láthair an Tiarna!
4 Cad ab áil libh ag tabhairt comhthionól an Tiarna amach san fhásach seo, díreach d'fhonn go bhfaighimís bás anseo - sinn féin agus ár n‑eallach?
5 Cén fáth ar sheol sibh amach as an Éigipt sinn le teacht chun na háite danartha seo? Ní aon áit é d'arbhar, ná do fhigí, do fhíniúna ná do phomagránaití agus níl aon uisce le hól ann.”