12 Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.”
13 Sin iad uiscí Mhiríbeá (Conspóide) mar a raibh clann Iosrael ag conspóid leis an Tiarna agus gur thaispeáin sé gur naofa é ina measc.
14 Sheol Maois teachtairí ó Cháidéis: “Do rí Eadóm. Teachtaireacht ó do bhráthair Iosrael. Is maith is eol duit an cruatan go léir a luigh orainn;
15 chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d'fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir.
16 Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.
17 Lig dúinn gabháil trí do thír. Ní rachaimid trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin gan casadh ar dheis ná ar chlé go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.”
18 Ach d'fhreagair Eadóm é: “Ná gabh trí mo chríochasa nó tiocfaidh mé amach chun tú a ionsaí.”