26 Ansin bain a éidí d'Árón agus cuir ar a mhac Eileázár iad; cruinneofar Árón chun a mhuintire agus gheobhaidh sé bás ansiúd.”
27 Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna. Chuadar suas go Sliabh Hor i radharc an chomhthionóil uile.
28 Bhain Maois a éidí d'Árón agus chuir ar Eileázár a mhac iad. Agus fuair Árón bás ansiúd ar bharr an tsléibhe. Ansin tháinig Maois agus Eileázár anuas ón sliabh.
29 Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead.