4 Cad ab áil libh ag tabhairt comhthionól an Tiarna amach san fhásach seo, díreach d'fhonn go bhfaighimís bás anseo - sinn féin agus ár n‑eallach?
5 Cén fáth ar sheol sibh amach as an Éigipt sinn le teacht chun na háite danartha seo? Ní aon áit é d'arbhar, ná do fhigí, do fhíniúna ná do phomagránaití agus níl aon uisce le hól ann.”
6 Ansin d'imigh Maois agus Árón ón gcomhthionól agus tháinig go doras Bhoth na Teagmhála. Chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh, agus thaispeáin gloir an Tiarna í féin dóibh.
7 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
8 “Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.”
9 Thóg Maois an chraobh ó láthair an Tiarna mar a d'ordaigh sé dó.
10 Ansin ghair Maois agus Árón an comhthionól le chéile os comhair na carraige agus dúirt leo: “Éistigí anois a lucht na ceannairce! An dtabharfaimid uisce ina shruth as an gcarraig seo daoibh?”