9 Thóg Maois an chraobh ó láthair an Tiarna mar a d'ordaigh sé dó.
10 Ansin ghair Maois agus Árón an comhthionól le chéile os comhair na carraige agus dúirt leo: “Éistigí anois a lucht na ceannairce! An dtabharfaimid uisce ina shruth as an gcarraig seo daoibh?”
11 D'ardaigh Maois a lámh agus bhuail sé an charraig faoi dhó leis an tslat, agus tháinig uisce amach ina thuile agus d'ól an comhthionól agus a n‑eallach deoch.
12 Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.”
13 Sin iad uiscí Mhiríbeá (Conspóide) mar a raibh clann Iosrael ag conspóid leis an Tiarna agus gur thaispeáin sé gur naofa é ina measc.
14 Sheol Maois teachtairí ó Cháidéis: “Do rí Eadóm. Teachtaireacht ó do bhráthair Iosrael. Is maith is eol duit an cruatan go léir a luigh orainn;
15 chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d'fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir.