1 Rí Arád, an Canánach a bhí ag cur faoi sa Neigib, chuala sé go raibh Iosrael ag teacht trí bhealach Atáraím. D'ionsaigh sé Iosrael agus ghabh sé roinnt priosúnach.
2 Ansin mhóidigh Iosrael an mhóid seo don Tiarna: “Má thugann tú an mhuintir seo ar láimh dom, cuirfidh mé a gcathracha go léir faoi bhang.”
3 D'éist an Tiarna le guth Iosrael agus thug na Canánaigh ar láimh dóibh; chuireadar faoi bhang iad, iad féin agus a gcathracha. Tugadh Hormá (Bang) ar an áit seo.
4 D'fhágadar Sliabh Hor ar feadh bhealach Mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí.
5 Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: “Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.”