15 agus sleasa na ngleanntaa ritheann síos go láthair Ár,agus a chromann thar teorainn Mhóáb...agus ar aghaidh leo as sin go Béar -
16 Is faoin tobar ansiúd a dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh an pobal le chéile agus tabharfaidh mé uisce dóibh.”
17 Ansin is ea a chan Iosrael an laoi:“Sceith, a thobar!Canaigí dó!
18 Na prionsaí a thochail,agus ceannairí an phobail a bhain,lena slat agus lena mbataí:”...agus ón bhfásach go Matáná.
19 Agus ó Mhatáná go Nachailíéil, agus ó Nachailíéil go Bámót,
20 agus ó Bhámót go dtí an gleann a shíneann go críocha Mhóáb i dtreo mullach Phisceá atá ar imeall an fhásaigh.
21 Ansin chuir Iosrael teachtairí go Síochon rí na nAmórach, á rá: