26 Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.
27 Uime sin canann baird:“[Misneach, a Heisbeon!Tusa atá dea-thógtha ar bhonn daingean!]A chathair Shíochon!
28 Óir tháinig tine as Heisbeon,lasair as chathair Shíochon.D'alp sí Ár Mhóáb,agus shlog sí arda Arnón.
29 Liach ortsa, Móáb!Tá deireadh libh a phobal Chamóis.Rinne sé teifigh dá mhaca,agus cimí dá iníonacha,cimí ag Síochon, rí na nAmórach.
30 Scrios Heisbeonna leanaí chomh fada le Díobon,na mná chomh fada le Nofach,[na fir] chomh fada le Maedabá.”
31 Chuir Iosrael fúthu ansin i dtír na nAmórach.
32 Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh.