3 D'éist an Tiarna le guth Iosrael agus thug na Canánaigh ar láimh dóibh; chuireadar faoi bhang iad, iad féin agus a gcathracha. Tugadh Hormá (Bang) ar an áit seo.
4 D'fhágadar Sliabh Hor ar feadh bhealach Mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí.
5 Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: “Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.”
6 Ansin sheol Dia nathracha tintí i measc an phobail, agus chuireadar a gcealg sa phobal, agus fuair a lán in Iosrael bás.
7 Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d'aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.
8 Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.”
9 Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d'fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.