30 Scrios Heisbeonna leanaí chomh fada le Díobon,na mná chomh fada le Nofach,[na fir] chomh fada le Maedabá.”
31 Chuir Iosrael fúthu ansin i dtír na nAmórach.
32 Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh.
33 Ansin chasadar agus ghabhadar an bóthar i dtreo Bháiseán. Tháinig Óg rí Bháiseán amach ina n‑aghaidh lena mhuintir go léir chun cath a chur ag Eidreí.
34 Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Ná bíodh eagla ort roimhe, óir tá sé tugtha agam i do láimh, é féin agus a mhuintir agus a thír. Déan leis mar a rinne tú le Síochon, rí na nAmórach, a mhair i Heisbeon.”
35 Bhriseadar air dá bhrí sin, agus ar a mhic agus ar a mhuintir: níor fágadh fear inste scéil díobh. Ghabhadar seilbh ar a chríocha.