16 Thángadar go Balám agus dúradar leis: “Seo teachtaireacht ó Bhálác mac Zipeor: ‘Ná diúltaigh, impím ort, teacht chugam.
17 Caithfidh mé onóracha leat agus déanfaidh mé cibé rud a déarfaidh tú liom. Tar agus cuir mallacht ar an muintir seo dom.’ ”
18 Ach d'fhreagair Balám teachtaí Bhálác: “Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d'ór agus d'airgead dom, ní fhéadfainn aithne an Tiarna mo Dhia a shárú in aon ní beag ná mór.
19 Ach fanaigí féin leis anseo thar oíche, le bhur dtoil, agus gheobhaidh mé amach cad eile atá ag an Tiarna le rá liom.”
20 Tháinig Dia go Balám i gcaitheamh na hoíche, agus dúirt leis: “Nár tháinig na fir seo ag glaoch ort? Éirigh agus téigh leo. Ach ná déan aon ní thar mar a déarfaidh mé leat.”
21 D'éirigh Balám ar maidin agus chuir an diallait ar a láir asail agus chuir chun siúil le taoisigh Mhóáb.
22 Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis.