2 Chonaic Bálác mac Zipeor gach a raibh déanta ag Iosrael leis na hAmóraigh.
3 Agus tháinig scéin ar Mhóáb roimh an bpobal seo ar a líonmhaire; bhí eagla ar Mhóáb roimh chlann Iosrael.
4 Dúirt sé le seanóirí Mhidián: “Seo an mathshlua seo ag crinneadh gach ní inár dtimpeall mar a chrinnfeadh damh féar na mbánta.” Ba é Bálác mac Zipeor rí Mhóáb an t‑am sin.
5 Sheol sé teachtairí ag gairm Balám mac Bheór, i bPatór ar an Abhainn, i dtír chlann Amau, á rá: “Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún; tá curtha fúthu acu ar mo thairseach.
6 Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b'fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.”
7 Chuir seanóirí Mhóáb agus seanoirí Mhidián chun siúil agus na sintiúis don asarlaíocht acu, agus thángadar go Balám agus thug dó teachtaireacht Bhálác.
8 “Fanaigí anseo thar oíche,” ar sé leo, “agus tabharfaidh mé freagra ar ais chugaibh de réir mar a déarfaidh an Tiarna liom.” D'fhan prionsaí Mhóáb le Balám.