25 Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna agus dhruid sé le balla agus bhrúigh sé cos Bhalám i gcoinne an bhalla agus bhuail Balám arís é.
26 Ar aghaidh le haingeal an Tiarna ansin agus sheas in áit a bhí chomh cúng nach raibh aon slí chun gabháil thart ar dheis ná ar chlé.
27 Nuair a chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata.
28 Ansin d'oscail an Tiarna béal an asail agus dúirt sé le Balám: “Cad tá déanta agam ort, a rá is gur bhuail tú mé trí huaire mar seo?”
29 Dúirt Balám leis an asal: “Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!”
30 Dúirt an t‑asal le Balám: “Nach mise d'asal? Nach orm a rinne tú marcaíocht ó d'óige go dtí seo? I gcaitheamh an ama sin go léir ar theip mé riamh ort ag freastal ort?” “Ní dhearna tú,” ar sé.
31 Ansin d'oscail an Tiarna súile Bhalám. Chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar agus claíomh nocht ina láimh, agus chrom sé síos agus thit ar a bhéal agus ar a fhiacla.