37 Dúirt Bálác le Balám: “Nár chuir mé teachtairí ag glaoch ort? Cén fáth nár tháinig tú chugam? An amhlaidh a mheas tú nach bhféadfainn, b'fhéidir, onóir a chaitheamh leat?”
38 D'fhreagair Balám Bálác: “Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.”
39 D'imigh Balám ansin in éineacht le Bálác agus thángadar go Ciriat Huzót.
40 Mharaigh Bálác eallach agus caoirigh, agus thug sé codanna do Bhalám agus do na taoisigh a bhí in éineacht leis.
41 Lá ar na mhárach rug Bálác Balám suas go Bámót Bál agus ón áit sin bhí radharc aige ar an gcuid ba chongaraí den phobal.