6 Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b'fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.”
7 Chuir seanóirí Mhóáb agus seanoirí Mhidián chun siúil agus na sintiúis don asarlaíocht acu, agus thángadar go Balám agus thug dó teachtaireacht Bhálác.
8 “Fanaigí anseo thar oíche,” ar sé leo, “agus tabharfaidh mé freagra ar ais chugaibh de réir mar a déarfaidh an Tiarna liom.” D'fhan prionsaí Mhóáb le Balám.
9 Tháinig Dia go Balám agus dúirt: “Cé hiad na fir seo ag fanúint farat?”
10 D'fhreagair Balám Dia: “Bálác mac Zipeor rí Mhóáb, chuir sé an teachtaireacht seo chugam:
11 ‘Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún. Tar agus cuir do mhallacht orthu dom; ansin b'fhéidir go bhféadfainn cath a chur orthu agus iad a thiomáint amach.’ ”
12 Dúirt Dia le Balám: “Ná téigh leo. Na cuir mallacht ar an muintir seo óir tá siad beannaithe.”