10 Cé d'fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh?Cé d'fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh?Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa!Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.”
11 Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!”
12 D'fhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?”
13 Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.”
14 Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n‑altóirí ansiúd agus d'ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir.
15 Duirt Balám le Bálác: “Seas taobh le d'íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.”
16 Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”