26 D'fhreagair Balám Bálác: “Ná dúirt mé leat, cibé rud a deir an Tiarna, go gcaithfidh mé rud a dhéanamh air?”
27 “Téanam más ea,” arsa Bálác le Balám, “béarfaidh mé go láthair eile thú. B'fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.”
28 Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh.
29 Ansin dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n‑altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.”
30 Rinne Bálác mar a d'iarr Balám agus d'ofráil tarbh agus reithe ar gach altóir.