8 Conas is féidir dom mallacht a chur ar an te nár chuir Dia mallacht air?Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an te nach ndearna Dia aoir air?
9 Feicim é ó bharr na sléibhte,agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é:Pobal ag maireachtáil leo féin,nach n‑áiríonn iad féin ar na ciníocha.
10 Cé d'fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh?Cé d'fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh?Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa!Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.”
11 Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!”
12 D'fhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?”
13 Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.”
14 Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n‑altóirí ansiúd agus d'ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir.