5 Dúirt Maois leis na breithiúna in Iosrael: “Ní foláir do gach duine agaibh iad siúd dá mhuintir a chuaigh faoi chuing Bhál Peór a chur chun báis.”
6 Seo fear de chlann Iosrael ag gabháil an treo agus an bhean Mhidiánach á tabhairt isteach ina theaghlach aige, os comhair súile Mhaois agus chomhthionól uile chlann Iosrael agus iad ag lógóireacht ag doras Bhoth na Teagmhála.
7 Píneachás mac Eileázár mhic Árón, an sagart, nuair a chonaic sé é sin, d'éirigh sé, d'fhág an comhthionól, agus rug ar shleá,
8 agus chuaigh ar tí an Iosraelaigh isteach sa seomra cúil agus sháigh sé an tsleá go feirc sa bhléin iontu araon, an tIosraelach fir agus an bhean. Stad an phlá a bhuail clann Iosrael ar an gcaoi sin.
9 Bhí ceithre mhíle fichead marbh den phlá cheana féin, dá ainneoin sin.
10 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
11 “Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta.