12 Clann Shímeon de réir sleachta: do Namúael, sliocht Namúael; do Iáimín, sliocht Iáimín; do Iáicín, sliocht Iáicín.
13 Do Zearach, sliocht Zearach; do Sheáúl, sliocht Sheáúl.
14 Sin iad sleachta Shímeon. Dhá mhíle fichead agus dá chéad fear a líon.
15 Clann Ghád de réir sleachta: do Zifeón, sliocht Zifeón; do Haigí, sliocht Haigí; do Shiúiní, sliocht Shiúiní;
16 do Oznaí, sliocht Oznaí; do Éirí, sliocht Éirí;
17 do Aród, sliocht Aród; do Aíréilí, sliocht Aíréilí.
18 Sin iad sleachta chlann Ghád. Daichead míle cúig céad fear a líon.