26 Clann Zabúlun de réir sleachta: do Sheirid, sliocht Sheirid; do Éalón, sliocht Éalon; do Iachlael, sliocht Iachlael.
27 Sin iad sleachta Zabúlun. Trí fichid míle cúig céad fear a líon.
28 Clann Iósaef de réir sleachta: Manaise agus Eafráim.
29 Clann Mhanaise: do Mháicír, sliocht Mháicír; ba é Máicír athair Ghileád. Do Ghileád, sliocht Ghileád.
30 Seo iad sleachta Ghileád: do Íeizir, sliocht Íeizir; do Héilic, sliocht Héilic;
31 do Aisriéil, sliocht Aisriéil; do Sheicim, sliocht Sheicim;
32 do Shimíodá, sliocht Shimíodá; do Héifir, sliocht Héifir.