29 Clann Mhanaise: do Mháicír, sliocht Mháicír; ba é Máicír athair Ghileád. Do Ghileád, sliocht Ghileád.
30 Seo iad sleachta Ghileád: do Íeizir, sliocht Íeizir; do Héilic, sliocht Héilic;
31 do Aisriéil, sliocht Aisriéil; do Sheicim, sliocht Sheicim;
32 do Shimíodá, sliocht Shimíodá; do Héifir, sliocht Héifir.
33 Ní raibh aon mhac ach iníonacha ag Zalofachád, mac Héifir; seo iad ainmneacha iníonacha Zalofachád - Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.
34 Sin iad sleachta Mhanaise; caoga dó míle seacht gcéad fear a líon.
35 Seo iad clann Eafráim de réir sleachta: do Shiútala, sliocht Shiútala; do Bheicir, sliocht Bheicir; do Thachan, sliocht Thachan.