34 Sin iad sleachta Mhanaise; caoga dó míle seacht gcéad fear a líon.
35 Seo iad clann Eafráim de réir sleachta: do Shiútala, sliocht Shiútala; do Bheicir, sliocht Bheicir; do Thachan, sliocht Thachan.
36 Seo iad clann Shiútala. Do Éarán, sliocht Éarán.
37 Sin iad sleachta Eafráim. Tríocha dó míle cúig céad fear a líon. Ba iadsan clann Iósaef de réir sleachta.
38 Clann Bhiniáimin de réir sleachta: do Bheala, sliocht Bheala; do Aisbéal, sliocht Aisbéal; do Aichíorám, sliocht Aichíorám.
39 Do Sheafúfám, sliocht Sheafúfám; do Húfám, sliocht Húfám.
40 Ba iad Ard agus Námán clann Bheala; do Ard, sliocht Ard; do Námán, sliocht Námán.