45 Do chlann Bheiríá: do Héibir, sliocht Héibir; do Mhailcíéil, sliocht Mhailcíéil.
46 Séarach a ba ainm d'iníon Áiséar.
47 Sin iad sleachta Áiséar. Caoga trí mhíle ceithre chéad fear a líon.
48 Clann Naftáilí de réir sleachta: do Iachzael, sliocht Iachzael; do Ghúiní, sliocht Ghúiní.
49 Do Iéizir, sliocht Iéizir; do Shiléim, sliocht Shiléim.
50 Sin iad sleachta Naftáilí, de réir sleachta. Daichead cúig mhíle cúig céad fear líon chlann Naftáilí.
51 Deichniúr ar fhichid, ar sheacht gcéad, ar mhíle, ar shé chéad míle, líon iomlán chlann Iosrael.