5 Reúbaen céadghin Iosrael: clann Reúbaen: do Hanóc, sliocht Hanóc; do Phalú, sliocht Phalú;
6 do Haezron, sliocht Haezron; do Chairmi, sliocht Chairmi.
7 Sin iad sleachta Reúbaen. Daichead trí mhíle seacht gcéad agus a tríocha fear a líon.
8 Clann Phalú: Eilíáb.
9 Clann Eilíáb: Namúael, agus Dátán agus Aibíorám. An bheirt seo Dátán agus Aibíorám, daoine ar a raibh meas ag an bpobal, is iad a thug dúshlán Mhaois agus Árón; bhaineadar le lucht leanúna Chorach a thug dúshlán an Tiarna.
10 D'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad - díthíodh Corach agus a lucht leanúna nuair a d'alp an tine dhá chéad go leith fear. Ba rabhadh iad.
11 Níor scriosadh ámh clann Chorach.