61 Cailleadh Nádáb agus Aibíchiú nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna.
62 Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad d'aois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael.
63 Sin iad na fir a ríomhaigh Maois agus Eileázár an sagart a rinne an daonáireamh seo ar chlann Iosrael ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.
64 Ní raibh orthu fear díobh siúd a chláraigh Maois agus Árón sagart, nuair d'áiríodar clann Iosrael i bhfásach Shíonái.
65 Óir dúirt an Tiarna ina dtaobh-san: “Geobhaidh siad bás san fhásach.” Níor fágadh fear díobh seachas Cálaeb mac Iafuna, agus Iósua mac Nún.