15 Chomh maith leis an íobairt uileloiscthe shíoraí, ní foláir pocán gabhair a ofráil don Tiarna, mar íobairt pheaca, agus a íobairt dí a ghabháil leis.
16 An ceathrú lá déag den chéad mhí Cáisc an Tiarna,
17 agus is lá féile an cúigiú lá déag den mhí seo; itear arán slim ar feadh seacht lá.
18 Ar an gcéad lá bíodh tionól sollúnta, agus ná déanaigí aon obair throm,
19 ach ofrálaigí íobairt dhóite mar uileloscadh don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.
20 Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, gabhadh leo trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe,
21 agus deachú an ceann don seacht n‑uan.