22 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.
23 Ní foláir an meid sin a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na maidine, rud is íobairt uileloiscthe shíoraí.
24 Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi.
25 Ar an seachtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh, gan aon obair throm á dhéanamh.
26 Lá na gcéadtorthaí, nuair a ofrálann sibh bhur n‑abhlann de ghrán nua don Tiarna, in bhur bhFéile Seachtainí, bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm.
27 Ofrálaigí íobairt uileloiscthe, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana;
28 mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú d'éafá do gach tarbh,