24 Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi.
25 Ar an seachtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh, gan aon obair throm á dhéanamh.
26 Lá na gcéadtorthaí, nuair a ofrálann sibh bhur n‑abhlann de ghrán nua don Tiarna, in bhur bhFéile Seachtainí, bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm.
27 Ofrálaigí íobairt uileloiscthe, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana;
28 mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú d'éafá do gach tarbh,
29 dhá dheachú don reithe, agus deachú do gach ceann de na seacht n‑uan.
30 Bíodh pocán gabhair chomh maith [don íobairt pheaca], chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.