5 mar aon le habhlann de dheachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín den ola is fíre.
6 Sin í an íobairt uileloiscthe shíoraí a bunaíodh ar Shliabh Shíonái, mar chumhracht thaitneamhach, mar íobairt dhóite don Tiarna.
7 Mar íobairt dí ag gabhail leis, bíodh ceathrú hín an t‑uan; ní foláir an íobairt dí de dheoch chrua don Tiarna a dhoirteadh sa sanctóir.
8 Ní foláir duit an dara huan a ofráil mar íobairt uileloiscthe um eadra nóna; déan dála na maidine maidir le habhlann agus le híobairt dí léi seo, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna.
9 Ar an tsabóid ní foláir duit dhá uan bhliana gan mháchail a ofráil, agus dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola mar abhlann, mar aon leis an íobairt dí a ghabhann leo.
10 Tá íobairt uileloiscthe na sabóide le hofráil gach sabóid mar aon leis an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an íobairt dí a ghabhann léi.
11 I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail.