8 Ní foláir duit an dara huan a ofráil mar íobairt uileloiscthe um eadra nóna; déan dála na maidine maidir le habhlann agus le híobairt dí léi seo, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna.
9 Ar an tsabóid ní foláir duit dhá uan bhliana gan mháchail a ofráil, agus dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola mar abhlann, mar aon leis an íobairt dí a ghabhann leo.
10 Tá íobairt uileloiscthe na sabóide le hofráil gach sabóid mar aon leis an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an íobairt dí a ghabhann léi.
11 I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail.
12 Le gach tarbh bíodh abhlann de thrí dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola; le gach reithe, abhlann de dhá dheachú de phlúr mín measctha le hola;
13 le gach uan, abhlann de dheachú de phlúr mín measctha le hola. Íobairt uileloiscthe í seo, cumhracht thaitneamhach agus íobairt dhóite don Tiarna.
14 Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d'uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana.