1 Ar an gcéad lá den seachtú mí, bíodh tionól sollúnta agaibh, ná déanaigí aon obair throm. Sé lá séidte na stoc agaibh é.
2 Ofrálaigí mar íobairt loiscthe, mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh óg, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.
3 Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe,
4 agus deachú do gach ceann de na seacht n‑uan.
5 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.