37 na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n‑uan.
38 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
39 Sin a bhfuil le déanamh agaibh don Tiarna ar bhur bhféilte sollúnta; de bhreis ar bhur n‑ofrálacha móide agus deona, bhur n‑íobairtí uileloiscthe, bhur n‑abhlanna agus bhur n‑íobairtí dí agus bhur n‑íobairtí comaoineach.”
40 D'inis Maois do chlann Iosrael go beacht gach ar ordaigh an Tiarna dó.