6 Ní foláir an méid sin go léir a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na ré nua agus a habhlann, an íobairt uileloiscthe shíoraí agus a habhlann, agus na híobairtí dí a ghabhann leo de réir dlí - cumhracht thaitneamhach, ofráil dhóite don Tiarna.
7 Ar an deichiú lá den seachtú mí seo, bíodh tionól sollúnta agaibh; déanaigí troscadh agus ná déanaigí aon obair throm.
8 Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar chumhracht thaitneamhach: tarbh óg, reithe, seacht dtogha uain bhliana fhireanna gan mháchail.
9 Leo mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe,
10 agus deachú an ceann do na seacht n‑uain.
11 Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca d'fhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n‑abhlann agus lena n‑íobairtí dí.
12 Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí obair throm agus ceiliúraigí féile don Tiarna ar feadh seacht lá.