1 Seo iad sliocht Árón agus Mhaois nuair a labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái.
2 Seo iad ainmneacha chlann Árón: Nádáb an chéadghin agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
3 Sin iad ainmneacha chlann Árón, na sagairt ungtha a d'oirnigh sé le fónamh i mbun dualgais na sagartachta.
4 Ach fuair Nádáb agus Aibíchiú bás i láthair an Tiarna nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna i bhfásach Shíonái. Níor fhágadar sliocht. Dá bhrí sin fágadh faoi Eileázár agus Íteámár fónamh mar shagairt faoina n‑athair Árón.