10 Cláraigh Árón agus a chlann mhac agus déanaidís a ndualgais sagairt a chomhlíonadh; ach má thagann aon duine eile i ngar, cuirtear chun báis é.”
11 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
12 “Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin.
13 Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”
14 Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái agus dúirt:
15 “Déan clann Léiví a áireamh de réir teaghlaigh shinsearachta agus de réir fine; ní foláir gach fireannach míosa nó breis a chomhaireamh.”
16 Rinne Maois iad a áireamh mar a dúirt an Tiarna ag déanamh de réir a orduithe.