29 Shuigh sleachta Chohát a gcampa ar an taobh theas den taibearnacal.
30 Ba é Ealzáfán mac Uizíéil ceann teaghlaigh chlanna Chohát.
31 Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.
32 Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra.
33 Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí.
34 Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, sé mhíle dhá chéad.
35 Ba é Zúiríéil mac Aibíocháil ceann teaghlaigh chlanna Mharáraí, agus shuíodar a gcampa ar an taobh thuaidh den taibearnacal.