3 Sin iad ainmneacha chlann Árón, na sagairt ungtha a d'oirnigh sé le fónamh i mbun dualgais na sagartachta.
4 Ach fuair Nádáb agus Aibíchiú bás i láthair an Tiarna nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna i bhfásach Shíonái. Níor fhágadar sliocht. Dá bhrí sin fágadh faoi Eileázár agus Íteámár fónamh mar shagairt faoina n‑athair Árón.
5 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
6 “Tionól treibh Léiví agus cuir ar fáil iad do Árón an sagart, le freastal air.
7 Comhlíonaidís na dualgais atá dlite de agus dlite den chomhthionól go léir os comhair Bhoth na Teagmhála ina seirbhís don taibearnacal.
8 Bíodh gréithe uile Bhoth na Teagmhála ina gcúram, agus déanaidís na dualgais go léir atá dlite de chlann Iosrael ina seirbhís don taibearnacal a ghabháil chucu féin.
9 Tabhair na Léivítigh d'Árón agus dá mhic mar thoirbheartaigh; tugadh clann Iosrael dó iad.