32 Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra.
33 Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí.
34 Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, sé mhíle dhá chéad.
35 Ba é Zúiríéil mac Aibíocháil ceann teaghlaigh chlanna Mharáraí, agus shuíodar a gcampa ar an taobh thuaidh den taibearnacal.
36 Bhí clann Mharáraí i bhfeighil chreat an taibearnacail, na bataí, na cuaillí, na ceapa agus a ghréithe go léir agus a ngabhann leo,
37 agus cuaillí na faiche mórthimpeall lena gceapa agus a bpionnaí agus a dtéada.
38 Siad a shuigh a gcampa ar an taobh thoir, os comhair an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála, i dtreo éirí gréine, Maois agus Árón agus a chlann mhac a bhí i bhfeighil ghnásanna an tsanctóra thar ceann chlann Iosrael. Aon duine eile a thiocfadh i ngar, bhí sé le cur chun báis.