39 Ba é líon iomlán na Léivíteach mí d'aois nó breis, a d'áirigh Maois agus Árón de réir fine mar a d'ordaigh an Tiarna dhá mhíle agus fiche.
40 Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan daonáireamh ar gach céadghin fir ar chlann Iosrael mí d'aois agus breis á n‑áireamh ó ainm.
41 Ansin déan na Léivítigh a thoirbhirt domsa, mise an Tiarna, in áit gach céadghine de chlann Iosrael; ar an gcaoi chéanna tabharfaidh tú a n‑eallach in áit gach céadghin eallaigh le clann Iosrael.”
42 Rinne Maois dá bhrí sin daonáireamh ar gach céadghin mhic ar chlann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna.
43 Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí d'aois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí.
44 Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
45 “Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n‑eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna.