43 Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí d'aois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí.
44 Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
45 “Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n‑eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna.
46 Mar fhuascailt ar son an dá chéad agus seachtó trí céadghin ar chlann Iosrael atá de bhreis ar líon na Léivíteach,
47 tóg cúig sheicil an ceann, de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará sa seicil.
48 Tabhair an t‑airgead seo d'Árón agus dá mhic mar dhíolaíocht as fuascailt an líon breise seo.”
49 Thóg Maois an t‑airgead fuascailte seo thar ceann na breise nár fhuascail na Léivítigh.