47 tóg cúig sheicil an ceann, de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará sa seicil.
48 Tabhair an t‑airgead seo d'Árón agus dá mhic mar dhíolaíocht as fuascailt an líon breise seo.”
49 Thóg Maois an t‑airgead fuascailte seo thar ceann na breise nár fhuascail na Léivítigh.
50 Thóg sé airgead céadghin chlann Iosrael, míle trí chéad agus seasca cúig sheicil, de réir sheicil an tsanctóra.
51 Thug Maois an t‑airgead fuascailte d'Árón agus dá mhic de réir órdú an Tiarna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.