8 Bíodh gréithe uile Bhoth na Teagmhála ina gcúram, agus déanaidís na dualgais go léir atá dlite de chlann Iosrael ina seirbhís don taibearnacal a ghabháil chucu féin.
9 Tabhair na Léivítigh d'Árón agus dá mhic mar thoirbheartaigh; tugadh clann Iosrael dó iad.
10 Cláraigh Árón agus a chlann mhac agus déanaidís a ndualgais sagairt a chomhlíonadh; ach má thagann aon duine eile i ngar, cuirtear chun báis é.”
11 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
12 “Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin.
13 Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”
14 Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái agus dúirt: