7 agus má chluineann a fear ina thaobh gan aon ní a rá léi an lá a chluineann, ansin bíodh a móideanna bailí agus bíodh na geallta a thug sí bailí.
8 Ach an lá a chluineann an fear é, má chuireann sé ina choinne os ard, ansin cuirfidh sé an mhóid a thug sí, nó an focal éaganta gill lenar cheangail sí í féin, ar ceal. Maithfidh an Tiarna di é.
9 Ach móid baintrí, nó mná scartha, nó aon gheall a thug sí, tá siad bailí.
10 Má thug sí móid i dteach a fir, nó má thug sí geall faoi bhrí na mionn,
11 agus gur chuala a fear faoi, gan aon ní a rá léi, agus gan cur ina choinne, ansin bíodh a móideanna go léir bailí is bíodh gach geall lenar cheangail sí í féin bailí.
12 Ach má chuireann a fear ar ceal iad an lá a chluineann sé iad, ní bheidh brí ag focal a béil, móid ná geall. Ó chuir a fear ar ceal iad, maithfidh an Tiarna di iad.
13 Aon mhóid nó mionn a luíonn ar bhean, is féidir dá fear é a dhaingniú nó é a chealú.