1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Déan clann Iosrael a dhíolt ar na Midiánaigh. Ansin cruinneofar chun do mhuintire thú.”
3 Dúirt Maois leis an bpobal: “Gabhadh cuid agaibh airm chugaibh, d'fhonn cogadh a chur ar an Midiánach agus díoltas an Tiarna a imirt ar an Midiánach.
4 Seolaigí míle fear as gach treibh d'Iosrael chun an chatha.”
5 Ar an gcuma sin fuarthas, ó shluaite Iosrael, dhá mhíle dhéag fear le harm troda, míle ó gach treibh.
6 Sheol Maois chun cogaidh iad míle as gach treibh agus Píneachás mac Eileázár an sagart leo ag iompar na soithí naofa agus na dtrumpaí chun an gháir a thógáil.